Fáilte is fiche chuig ár dtigh lóistín anseo i gceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Táimid 11km siar ó bhaile an Daingin le Cnoc Bhréanainn laistiar dúinn agus radharc ar an bhfarraige amach uainn. Tá súil againn go mbeidh sibh ar bhur gcompord anseo. Labhair Gaeilge linn!
Táimid lonnaithei gCill Chúile, Baile na nGall agus is ana-áit é le cur fút agus tú ar saoire ar chósta thiar na hÉireann. Beidh suaimhneas agus compord agat anseo amuigh faoin dtuath agus tránna áille síos an bóthar uait.
Tá go leor rudaí le déanamh agat sa cheantar, mar shampla turas a thabhairt ar an mBlascaod Mór. Faightear an bád 10km ónár dtigh anseo. Táimid lonnaithe ar Shlí Chorca Dhuibhne agus cuirimid fáilte is fiche roimh choisithe.
Cuirfear fáilte bhreá Chiarraíoch romhat anseo. Bíonn arán donn agus scónaí againn le bricfeast breá.
Tá seomraí scópúla dúbailte agus singil againn le seomraí folctha en suite. Tá radharc ó gach seomra ar an ngairdín, nó na cnoic nó an fharraige i Smeirbhic. Tá teilifís agus WiFi saor in aisce ar fáil leis.
Tá 3 theach tábhairne sa cheantar le bia, deoch agus ceol iontu.
Tá an Daingean 15 nóiméad uainn sa ghluaisteán, áit a bhfuil go leor bialanna, tithe tábhairne agus siopaí.