SIÚLÓIDÍ

.

Slí Chorca Dhuibhne

Tá an Dúinín lonnaithe 1km ó Shlí Chorca Dhuibhne. Táimid leathslí idir Dún Chaoin agus An Clochán agus mar sin táimid ana-oiriúnach chun oíche nó dhó a chaitheamh ann. Is féidir socruithe a dhéanamh le bialanna áitiúla chun béile a fháil istoíche.

Cnoc Bhréanainn

An scaoilfeá faoi Chnoc Bhréanain, an 3ú cnoc is airde in Éirinn? Tosaigh ón gcarrchlós I mBaile Breac agus feicfidh tú an cosán marcáilte le crosanna móra adhmaid. Is féidir an siúl sin a dhéanamh laistigh de 4 uair an chloig.

Siúlóide Faille go Baile na nGall

Seo píosa de Shlí Chorca Dhuibhne atá 2.5km ar fhad. Tosnaíonn sé i mBaile na nGall.

Tógann sé timpeall 1.5 uair an chloig.

Féadfaimid siúlóidí níos fusa nó níos déine a mholadh duit, más maith leat.